An Dealg sa bhFéar
()
About this ebook
This book contains the first two collections of poetry by the award-winning Irish-language poet, Nuala Ní Dhomhnaill, 'An Dealg Droighin' (1981) and 'Féar Suaithinseach' (1988).
Nuala Ní Dhomhnaill
Nuala Ní Dhomhnaill was born in Lancashire, England, in 1952. Her parents were originally from the Kerry Irish-speaking area, and it was there and in Nenagh, Co. Tipperary that she was raised. She received her third level education in University College, Cork and it was during her time there that she began to publish her poetry in the magazine, 'Innti'. She has published four collections of poetry, 'An Dealg Droigin' (1981), 'Féar Suaithinseach' (1988), Feis (1991) and 'Cead Aighnis' (1998). A selection of her poetry is also available in English, translated by various poets, including Seamus Heaney and Paul Muldoon, in the collections 'Pharoah's Daughter' (1990), 'The Astrakhan Cloak' (1992) and 'The Water Horse' (1999). She is married with children and lives in Dublin, Ireland.
Related to An Dealg sa bhFéar
Related ebooks
Caointe agus Seancheolta Eile: Keening and Other Old Irish Musics Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsGearrscéalta ár linne Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsDúil Rating: 4 out of 5 stars4/5Diabhlaíocht Dé Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsScáil an Phríosúin Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsFear na bPéistíní Rating: 5 out of 5 stars5/5An Diabhal ar an Ól Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsSpíonáin is Róiseanna Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsNa Lucha ag Rince Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsÓn tSeanam Anall Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAg Tnúth leis an tSolas Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsLeabhar Mór na nAmhrán Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsNa Trí Mhíoltóg Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsSeán Ó Ríordáin: Na Dánta Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsÓ Bhéal an Bhab Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsDuanaire an Chéid Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsScothscéalta Rating: 4 out of 5 stars4/5Ciarán Ó Fatharta: Amhráin Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsScread Mhaidne Rating: 4 out of 5 stars4/5Ceol Baile Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsSé an Saol an Máistir Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsDaoine a Itheann Daoine Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsMáthair an Fhiaigh: The Raven's Mother Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAn Dé Deiridh Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsLámh Láidir Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAgus Rud Eile De: And Another Thing Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsBirbal Rating: 5 out of 5 stars5/5Teachtaireacht Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAn Fear nach nDéanann Gáire Rating: 4 out of 5 stars4/5Cloch Nirt Rating: 0 out of 5 stars0 ratings
Related categories
Reviews for An Dealg sa bhFéar
0 ratings0 reviews
Book preview
An Dealg sa bhFéar - Nuala Ní Dhomhnaill
An Dealg sa bhFéar
Dánta 1968–1984
An Dealg sa bhFéar
Dánta 1968–1984
Nuala Ní Dhomhnaill
Bríona Nic Dhiarmada
a chuir in eagar
An Chéad Chló 2011
© Cló Iar-Chonnacht 2011
ISBN 978-1-908947-92-5
Dearadh: Deirdre Ní Thuathail
Ealaín an chlúdaigh: Tao Book Sleeping Woman le Pauline Bewick
Dearadh clúdaigh: Abigail Bolt
Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon bhealach ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.
Clóchur:Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
Teil: 091-593307 Facs: 091-593362 r-phost: cic@iol.ie
Priontáil: Brunswick Press, Baile Átha Cliath 13.
Clár
Nóta eagarthóireachta
as An Dealg Droighin (1981)
Réamhrá
Dánta luatha
Sabhaircíní i Samhain
Muirmhachnamh
Sneachta
Guthanna
Mór:
Dúil
Mór goraí
Teist Dhonncha Dí ar Mhór
Mór cráite
Dánta ar imirce
Eitleáin
Aimhirgin inniu
Sliogáin
Bliain tar éis imeachta
Máthair
Athair
Gluais leat, a scríbhinn
Do chumhracht
Malairt
Réalt reatha
Typewriter
Leaba Shíoda
An lá san
Litir
Fómhar
Casachtach caorach
Lonnú linbh
Caoineadh Mháire Nic Aodha
Cuibhreach na mban
An piasún
Póg
Aingeal an Tiarna
Dán ná scríobhfar
Do mo mhaicín a bhíonn scanraithe ag scáilí istoíche
Ceamara
Athchuairt arValparaiso
Turas oíche
Aghaidh an photadóra
Do m’fhear chéile
Coinnle cathrach
Na sceana feola
Súile tíogair
An cuairteoir
An braim
Ar fhilleadh ar Éirinn
Venio ex oriente
Dán beag an earraigh bhig
In memoriam: Elly Ní Dhomhnaill (1884–1963)
Caoineadh Mhoss Martin
Breith anabaí thar lear
Freagra na mná ceiltí
Bás linbh
Ní féidir liom luí anseo níos mó
I mBaile an tSléibhe
An mhaighdean mhara
Ualach an uaignis
Féachaint romham siar
Athrú téama
Sionnach
Scéala
Fáilte bhéal na Sionna don iasc
Na bailte i mBun Faille
Na súile uaithne
Fáilte an ghalláin roimh titim na hoíche
An bóithrín caol
Manach
as Féar Suaithinseach (1984)
Réamhrá
Mise an fia
Dinnéar na Nollag
Oileán
A leamhainín
Masculus giganticus hibernicus
Táimid damanta, a dheirféaracha
Féar suaithinseach
A Alba
A chroí tincéara
Kundalini
Turas
Sceimhle
Sceal béaloidis ón Leitriúch
Amhrán an fhir óig
Mo ghrá-sa (idir lúibíní)
Paidir chomaoine
Geasa
Foláireamh
Aubade
An bhábóg bhriste
Ag cothú linbh
Sneachta
Gaineamh shúraic
San am atá le teacht
Cnámh
An leanbh gan baiste
Mo mhíle stór
Sa suanlios
Don ngaiscíoch istigh ionainn
Iascach oíche
An Sfioncs ag feitheamh le hOedipus
Gnáthchomhrá laethúil
Admháil
Clann Horatio
Amhrán grá
Dhá iasc
Iarúsailéim
An ribe ruainní
Bláthanna
Muirghil ag cáiseamh Shuibhne
Claoninsint
Dán do Mhelissa
Parthenogenesis
Báidín guagach
Cuireadh
An ollmháthair mhór
Maidin sa Domhan Toir
An rás
An turas:
Mandala
Turas Chaitlíona
An turas
Bean an leasa:
Fuadach
A bhean a ghaibh isteach
Thar mo chionn
An crann
Atáin:
Labhrann Medb
Cú Chulainn I
Cú Chulainn II
Agallamh na Mór-Ríona le Cú Chulainn
Labhrann an Mhór-Ríon
An Mhór-Ríon ag cáiseamh na baidhbhe le Cú Chulainn
Nóta Eagarthóireachta
Is éard atá sa leabhar seo ná rogha na ndánta as an gcéad dá chnuasach filíochta le Nuala Ní Dhomhnaill, An Dealg Droighin agus Féar Suaithinseach. Tá leasuithe áirithe déanta ar chuid de na dánta le cead agus toil an fhile. Dearbhaíonn an t-eagarthóir agus an file gurb iad na leaganacha sa leabhar seo leaganacha deifnídeacha na ndánta seo.
Nuala Ní Dhomhnaill
Bríona Nic Dhiarmada
Fómhar 2011
as
An Dealg Droighin
do Dogan,
Timuçin agus Melissa
Réamhrá
D’ardaigh sé leis an deirfiúr agus thug sé isteach sa choill í is do chroch sé le crann í. Rug sé ar shá a bhí aige agus do ghearraigh sé anuas an lámh dheas di.
An ngaibheann san trí d’chroí, a dheirfiúr?
ar seisean.
Gaibheann, mhuise, buíochas le Dia dá chionn,
ar sise,mar d’fhulaing ár Slánaitheoir níos mó ná san ar ár son agus is beag a thuigeamar dó.
Sea, ghearraigh sé anuas an lámh eile dhi.
An ngaibheann san trí d’chroí, a dheirfiúr?
ar seisean.
Gaibheann, mhuise,
ar sise,ach buíochas le Dia dá chionn, mar d’fhulaing ár Slánaitheoir a thuilleadh agus is beag an tsuim a chuireamar ann, cé gurab ar ár son é.
Chas sé ar a shála ansin chun teacht abhaile agus d’fhéach sí air go truamhéileach agus dúirt:Go dté dealg droighin i d’chois is go bhfana sé ann go mbainfidh mo dhá láimhín geala glégheala é.
Níor thug sé aon toradh uirthi ach thug sé a aghaidh is an bóthar abhaile air féin. Ní raibh sé imithe nuair a tháinig an Mhaighdean Mhuire chuici agus beart geatairí aici. Rug sí ar chrobh de na geatairí agus chuir sí leis an láimh dheas é agus bhuail sí an lámh dheas uirthi chomh maith is a bhí sé aon lá riamh roimhe seo. Rug sí ar chrobh eile de na geatairí is chuir sí isteach leis an láimh chlé é agus chuir sí an lámh chlé thar n-ais arís uirthi.
Seo,
ar sise, a chailín bhoicht, tógfaidh mé anuas den gcrann tú agus téir abhaile duit féin.
Ghaibh an cailín buíochas léi, ach is dócha nach raibh a fhios aici gurb í an Mhaighdean Mhuire a bhí ann agus chas sí ar a sáil abhaile agus í ag paidreoireacht is ag guí chun Dé agus chun na Maighdine Muire agus ag guí lena hathair agus lena máthair a bhí marbh. Agus nuair a bhí sí ag déanamh ar an dtigh nach bhfeaca sí crann mór ag fás in airde trí dhíon an tí.
Ó, go saora Dia sinn!
a dúirt sí. Sin é an mhallacht a thugas-sa do m’dheartháir, is dócha. Is gránna an rud é an drochaigne. Cad ina thaobh gur dheineas é?
ar sise.
Chuaigh sí isteach sa tigh agus bhí a deartháir istigh ar an leaba agus an dealg droighin dulta ina chois is an crann fásta trí fhrathacha an tí agus trí dhíon an tí amach. Rug sí ar bhioráinín a bhí ina seál agus chuir sí an biorán fén ndealg agus an tuairt a dhein an crann nuair a thit sé cualathas ar fuaid na dúthaí é.
(Scéal béaloideasa mar a eachtraíonn Cáit An Bab
Feirtéar é.)
Dánta luatha
Sabhaircíní i Samhain
Sabhaircíní i Samhain
taobh le traighean dubh na linne buí,
duilliúir fheoite ina luí
ina gcairn mharbha
dhorcha dhonndubha,
raithneach ghlasbhuí is stumpa crainn
eidhneáin síorghlas ag fás trí
fhothrach tí, clocha síonbhriste
scaipithe mórthimpeall.
An timpeall chun an teampaill,
a deirtí
agus is fíor
gur deacair linn scarúint
le hiarsmaí deireanacha an duine.
Ba chúinne beomhar tráth
an áit seo; fir is mná
ag caint is ag cadráil
agus gártha úra an naíonáin nuabheirthe
ag baint fuaime as na seanbhallaí,
níor chás duit rí a chur chun boird ann.
Ach b’shin fadó.
Fuíollach is dríodar is lathach
an fhómhair thiar a luíonn ann anois …
ach maireann sé beo agus fós é marbh,
mar féach cár ghaibh mo shúil,
go ruainne beag an earraigh
ag fás i measc na gcarraigreach’.
Níorbh iontaí liom an Cháisc féin ar an Aoine
ná Samhain maisithe le sabhaircíní.
Muirmhachnamh
An rud a chloiseann an chluas
cuireann sé buairt ar an gcroí,
farraige ar chlocha thíos
á raideadh le tréanbhuillí,
á lascadh,
á réabadh,
á scoilteadh
is féithleoga bána an tsobail
i bhfianaise ionradh na mara
ar chruachneas cróndhearg carraige
is finné mise ar an torann
i bhfothain mo phoill tráthair.
Uisce ag rith
uisce ag léimrigh
uisce le fánaidh
i mbánchuar róghléineach.
Cad dó a fhreagraíonn
an paisiún róghéar seo?
Ní chreidim an ghealach thuas
salaithe ag céim fir,
ní maighdean a thuilleadh í
ach striapach an chine daonna.
Leacht gargraithe
ar imeall ilchríche
ag tuilleadh is ag trá arís
leis na seanchianta,
créacht mhara ag bánfhuiliú
ar chruas na creige,
fulaingíonn sí is fulaingítear léi
othar agus ailse.
Sneachta
… sneachta
gormghomhach fuarleontach
mar leaba chlúimh nó sobal breoiteachta
spalladh agus domhain-ól
scalladh agus fuardhó
gíoscán creatacháin, raerilleacán.
Tnúchaint
ruagairt
tinnlomadh
fuarbholadh
is tháinig gálaí arda
is scalóidí láidre
is scuabadh an t-anál díom
le rabhartha.
Rón agus pluais agus cnuimh agus úll agus lann agus
truaill agus sluasaid agus … sneachta.
Guthanna
Sea, sea …
Sea is ní hea
An mar sin é?
Fiche duine ag dian-allagar
(an seomra múchta le deatach)