Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

An Fear nach nDéanann Gáire
An Fear nach nDéanann Gáire
An Fear nach nDéanann Gáire
Ebook155 pages3 hours

An Fear nach nDéanann Gáire

Rating: 4 out of 5 stars

4/5

()

Read preview

About this ebook

This imaginative collection of short stories brings the reader on a riotous journey into a surreal world. It sweeps us along in a whirlwind through stories that are at times dark, at other times awash with colour, and often laced with a sardonic humour. From the sadness of the deserted train station to the hysterical story of the severed leg, by way of cannibalism, one-legged men, male prostitutes and real estate agents, this collection will appeal to the senses, the heart and the head!

Little by little in these stories Micheál Ó Conghaile destroys the boundary between the real and the surreal until they are indistinguishable. The fluidity of style and the lyricism of these stories are testimony to the author’s mastery of his craft.

LanguageGaeilge
Release dateApr 1, 2003
ISBN9781909367883
An Fear nach nDéanann Gáire

Read more from Micheál ó Conghaile

Related to An Fear nach nDéanann Gáire

Related ebooks

Reviews for An Fear nach nDéanann Gáire

Rating: 4 out of 5 stars
4/5

1 rating0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    An Fear nach nDéanann Gáire - Micheál Ó Conghaile

    2002

    CAILLTE I GCONAMARA

    CAILLTE I GCONAMARA

    … Bhí mé caillte, i gConamara …

    Easpa codlata a ruaig chun siúil chomh moch sin mé. Níor ghá aláram goilliúnach le bagairt orm. Na néalta codlata úd nach dtaobhódh mé. Nach leathfadh anuas ina mbrat foscúil orm. Nach bplúchfadh mé isteach iontu féin is nach gcrochfadh leo mé seal beag ón bpian.

    Théis casadh sa leaba dom dhá chéad uair. Céad uair ar chlé, céad uair eile ar ais ar dheis. Ar chnámh mo dhroma idir eatarthu. Mé ag rolladh liom timpeall ina leath seisean den leaba. Mo leath féin den leaba tréigthe agam. Bánaithe.

    Bhí sé ina mhaidin gheal nuair a tharraing mé siar na cuirtíní sa deireadh, mé théis géilleadh don lá. Bhí úire shláintiúil san aer fionnuar nuair a bhog mé amach taobh amuigh. Néal ní raibh sa spéir ghorm. An ghrian thoir ag ardú aisti féin. Go haonarach. Réidh le ceannas ceann a ghlacadh ar an lá di féin, ba chosúil. Leath gealaí tréigthe thiar ag cúlú roimpi ina hómós.

    Suas an bóthar linn. Bhí an ciúnas forleathan seachas ceol bíogúil na n-éan a bhí ag ceiliúradh a lae dóibh féin. Rinne corrghadhar tafann leisciúil is muid ag dul thar thithe. Níor dhrann linn seachas sin. Níor rith amach romhainn, timpeall orainn ná inár ndiaidh go fiaclach.

    Shiúil mé agus shiúil mé agus shiúil. Gur chuir muid bóthar Ard an Bhaile dínn agus ansin an bóithrín clochach dóibeach portaigh, a d’fhás amach as ag gabhlóg theorainn an dá bhaile. Agus ansin an cosáinín casta fásta a shnigh as, amú cheapfá, ó thuaidh as sin. Bhí na héin ag ceol is ag ceiliúradh go meidhreach ar a míle dícheall sa réimse uachtarach cúlráideach seo. É uile faoina riail féin acu, nach mór. Is muid amuigh sa bhfiántas ceart anois. Fiántas fiáin Chonamara.

    … Níl sa saol seo ach seal, a deireadh sé. Caint sheanchaite. Níl i ngaol, in aon ghaol, ach seal, a deireadh sé. B’in sul má bhí a fhios againn tada go cinnte. Breith ar an nóiméad, a deireadh sé, agus gan ligean dó breith ort. Tú féin a bheith i gceannas. Breith ar an nóiméad agus fad tomhaiste a bhaint as á iomlánú mar a dhéanfá le sprionga. É a ardú chuig a bhuaic agus an bhuaic sin a choinneáil chomh fada agus ab fhéidir. Sin uile arbh fhéidir a dhéanamh, a deireadh sé, le saol ar bith dá fheabhas nó fiú dá mheasa. D’aontaínnse leis théis machnaimh ghairid. Thaitin samhail an sprionga leis. Thaitin liom féin freisin nuair a smaoinínn i gceart air. Mar a d’ardódh an sprionga casta chun na spéartha thú de scuais, ag tabhairt ardú croí is meanman duit de léim amháin beagnach. Sa gcastacht a bhí an spreac …

    Mhothaigh mé an criathrach bog a bhí fúm ar crith. Ina chritheáin bheaga le gach coiscéim throm de mo chuid. Mar a bheadh dromchla fraochach fairsing an chriathraigh leagtha anuas ar iomairí ollmhóra leanúnacha spriongaí. Ba chuma cá leagainn mo chos, bhí mar a bheadh sprionga eile fós fúm. Ach go mba spriongaí bréagacha gan phreab a bhí iontu a chuireadh dua breise ar mo shiúlóid. Bhí stró na siúlóide agus teas na maidine ag briseadh deor allais amach trí mo chraiceann, á fhliuchadh. Corrchruinniú beag acu ag bailiú ina mbraonta móra a shilfeadh síos go tochasúil ar mo chnámh droma. Bhain mé díom mo léine go cúramach, á caitheamh siar thar mo ghualainn mar a dhéanfadh turasóir. Gan aon chosán ná lorg cosáin anseo. Ach ardáin is ísleáin. Cruáin agus bogáin. Ní fhaca mé aon áilleacht sa bhfraoch daite corcra a bhí go flúirseach chuile thaobh díom. É mar a bheadh cairpéad ollmhór éagothrom ann le patrúin neamhrialta de bhláthanna. Chomh hildathach le bogha ceatha. Bláthanna fiáine den uile chineál á meabhrú féin tríd. Is na ceannbháin bhána lena gcadás bog. Dá mbeadh an oiread de ann agus a dhéanfadh leaba dom d’fhéadfainn luí siar air, a smaoiním, dá mbuailfeadh tuirse mé. Ach thógfadh sé an tsíoraíocht orm mo dhóthain de a bhailiú le chéile anseo.

    … Chuig dochtúir strainséartha a chuaigh muid. Bhí sé cineálta. An-chineálta. Ach cé chomh cineálta agus is féidir le cineáltas a bheith? Nó céard is fiú cineáltas ag staid áirithe? Tháinig an tuar faoinár dtairngreacht ansin. Is é atá ort, is baolach, a dúirt sé, é ag cur de a fhéachaint agus é ag labhairt leis. Agus ansin d’fhéach sé anall ormsa, mar éalú beag dó féin. D’fhéach muid beirt ar a chéile. Dúirt sé go raibh brón air, go raibh an-bhrón air. An tríú staid, a dúirt sé, nuair a chuir an bheirt againn an cheist air le chéile amhail líne as dráma a bheadh cleachtaithe againn roimh ré … Beagnach cúig bliana cothrom an ama seo …

    Ag Carraig an Aifrinn a stop mé. Thógfainn scíth bheag sa ngleann seo. Ní hé go raibh mé tuirseach ach … Bhuail fúm ar cheann de na leacracha móra leathana a bhí ar dheis ón gcarraig. Í beagnach chomh leathan le leaba dhúbailte. Leag mé an crúiscín beag a raibh mé ag tabhairt aire na huibhe dó le m’ais go cúramach. Tháinig mé anseo den chéad uair agus mé i mo ghasúr, a smaoinigh mé. An mháistreás scoile ár dtreorú is ár dtiomáint ann tríd an gcriathrach is na gleannta. Thóg leath lae orainn. Rang a Sé. Eolas imshaoil. Rang staire … Ré na bPéindlíthe in Éirinn … Cosc ar Chaitlicigh a gcreideamh a chleachtadh … Thagadh na sluaite chuig na hAifrinn a léití anseo faoi rún is faoi cheilt ó thráth mírialta go chéile, a mhínigh sí. Bhíodh daoine san airdeall réidh le focal na faire a fhógairt. Sagart ann faoi bhréagriocht mná … Dúnaim mo shúile nóiméad. Samhlaím mar a bheadh slua ollmhór daoine cruinnithe timpeall orm. Ríméad neirbhíseach ag rith ina shruthanna tríothu as a bheith in ann Aifreann Dé a éisteacht. Sásamh bisiúil as a bheith in ann gné spioradálta dá saol a coisceadh orthu a chleachtadh is a cheiliúradh – i bhfochair a chéile faoi rún. Go rúndiamhrach. Iad a bheith ag fáil an ceann is fearr ar an dlí cam gallda, ar an dlí éagórach, ar an namhaid.

    … Tháinig an seansagairtín slóchtach chugainn lá. Deich mbliana ó shin anois nó mar sin. Díreach mí sul má haistríodh go tobann ón bparóiste é agus isteach i mainistir éicint ar an gcúlráid. Tráthnóna Luain a bhí ann le linn dó bheith ag dul thart ar cuairt ag na seandaoine leis an gcomaoineach naofa agus ag éisteacht faoistiní. Muid breis agus leathbhliain in aontíos ag an am. É ag rá liomsa gur thug sé faoi deara nach bhfeiceadh ag an Aifreann níos mó mé. An bhféadfadh sé tada a dhéanamh dom? Comhairle a chur orm? Ar mhaith liom labhairt leis faoi aon ní? B’in a leithscéal, mar dhea. Cúis a chuairte. Muid, a deirimse in aon fhocal amháin. Muid. Mé ag leagan béim láidir ar an bhfocal go dúshlánach agus ag nodú i dtreo mo chéile a bhí leathghléasta go péacach in éadaí ban. Fiacail ní chuirfinn ann. Phléasc sé ansin agus leag air. É corraithe coilgneach cantalach. É ag stánadh ormsa le linn a chuid cainte slóchtaí. Corrfhocal ag cliseadh go folamh air leis an slócht, ionas go ndéanfadh a abairtí a athrá go hiomlán. É iompaithe ar an mBéarla agus ag caint tharam isteach an doras scaití. Chomh maith agus nach mbeadh aon Ghaeilge ag an strainséara mar a thug sé air … Is náire shaolta sibh, a bhéic sé. Náire shaolta don bhaile, do Chonamara is don tír. Drochshampla don aos óg, do mhuintir an pharóiste, do theagasc Dé uilechumhachtaigh. Céard a déarfadh do thuismitheoirí bochta anois, beannacht dhílis Dé lena n-anam, dá mbeidís beo? Dá mbeadh a fhios acu cén carry-on atá ar bun faoi chaolacha an tí inar thóg siad sibh mar Chríostaithe. Stán sé sna súile ormsa aríst, mar a bheadh ag feiceáil mo shinsear tríom. An deichniúr agaibh. An bhfuil meas ar bith agaibh ar bhriathar Dé, ar shoiscéal an Bhíobla Naofa? Tá breis agus naoi léamh, ar a laghad, ar an mBíobla, a deirimse, nuair a fuair mé deis cainte, fearacht gach finscéil eile. Chuile dhuine agus a bharúil féin, is mé á ruaigeadh amach an doras. Íocfaidh sibh as seo fós, a dúirt sé, ina ghuth slóchtach. Íocfaidh, is é ag breathnú isteach go leataobhach thar an tairseach. Nár thé an phlá tharaibh. Ná an smál. Ní fhéadfadh an t-ádh a bheith oraibh. Tabharfar chuig an séipéal fós sibh, tabharfar sin, fiú más ardaithe suas ar ghuaillí fear a thiocfaidh sibh ann, is leanfaidh sibh bhur gcosa isteach an doras ann de bhur mbuíochas …

    Is í an fhairsinge a mheall amach anseo mé. Díreach mar a mheall an bheirt againn go minic roimhe seo. An fhairsinge réimsiúil. An tsaoirse. An rúndacht chneasta shocair. Réim scóipiúil oscailte Chonamara. Réim gan srian gan riail gan teorainn. Cimín oscailte gan chríoch. Gan fál. Gan mhúta. Gan draein. Gan wire. Gan cosán daonna. Ghabhfá amú ann go héasca. Go fonnmhar beagnach. Domhan mór príobháideach le spéir phearsanta de do chuid féin, is cuma cén áit ann a seasann duine. Is braithim go bhfuil gaol gar agam leis an gcriathrach atá ag bogadh fúm le gach coisméig. Dáimh. Na lagphortaigh a léimim tharstu. Na leacracha loma leathana crua a n-atann a ndromanna aníos tríothu. Na clocha glasa aonaracha nach mbeannaíonn súil duine dóibh ach go hannamh. Na lochanna scáthánacha nach n-ólann ach an t-ainmhí fiáin nó éanacha an aeir deoch a mbeo astu. Na gleannta glasa uaigneacha. Na maoilíní. Na cnocáin bheaga is na cnoic mhóra a fheicim ag searradh amach i gcéin uaim. Na sléibhte arda maorga atá go tacúil thiar sa gcúlra.

    … Is thagadh muid amach ag siúl anseo ar an uaigneas go minic, fiú théis don donacht é a bhualadh. B’ola ar a chroí é, ar chroí na beirte againn. B’ar dhroim ceann de na leacracha seo a gheall muid grá síoraí dá chéile. Breis agus ocht mbliana ó shin. Éinne eile ní thiocfadh eadrainn choíche an dá lá is a mhairfeadh muid. Muid in ucht torthúil a chéile sa gclapsholas buí fómhair. An spéir dhearg mar dhíon cruinn oscailte gan teorainn. Na carraigeacha liatha is na clocha glasa faoi bhrat beo crotail timpeall orainn mar fhinnéithe tostacha rannpháirteacha. Iad ag aontú linn inár bpóg … nó gur shleamhnaigh muid anuas den leac ansin ag rolladh i leaba réamhullmhaithe d’fhéar fada fiáin. Muid ag ceiliúradh shearmanas ár ngrá, ag ól as cailís ár gcoirp …

    Piocaim bláth. Díreach mar a phiocamar an lá úd. Mothaím an boladh céanna fiú sul má chuirim faoi mo shrón é, é ag cealú na n-ocht mbliana a d’imigh, de léim. É do mo thabhairt siar go dtí an tráthnóna glórmhar úd d’aon abhóg chumhra amháin. Thóg mé amach an crúiscín a bhí thíos i máilín éadaigh ceangailte de mo bheilt agam. Shamhlaigh mé mé féin soicind mar a bheadh saighdiúir nó síobshiúlaí ann lena bhuidéal taistil uisce lá te. Chroch mé suas an crúiscín go critheánach chuig mo bhéal agus phóg an ghloine. Bhraith mé an tonn bheag teochta a bhí fadaithe ann ag teas na gréine tríd an mála éadrom. Stán mé ar an

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1